Gearradh cánach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh
Eolas
Go hiondúil, gearrtar cáin ar gach ioncam in Éirinn. D'fhéadfadh d'íocaíocht leasa shóisialaigh a bheith inchánaithe nó saor ó cháin. Fiú má tá d'íocaíocht leasa shóisialaigh inchánaithe, tá seans fós ann nach n-íocfaidh tú cáin uirthi. Má tá tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh, gheobhaidh tú creidmheas cánach ÍMAT chomh maith leis na gnáth-chreidmheasanna cánach. Dá thoradh, más íocaíocht leasa shóisialaigh an t-aon foinse ioncaim atá agat, ní bheidh cáin le híoc agat toisc nach sáraíonn do dhliteanas cánach do chreidmheasanna cánach.
Ní bhaineann an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) le híocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Íocaíocht leasa shóisialaigh agus ioncam eile
Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh chomh maith le foinse eile ioncaim agat, d'fhéadfadh sé go mbeadh cáin le n-íoc aige/aici. Sa chás seo, beidh d’íocaíocht inchánaithe agus d’fhoinse eile ioncaim suimithe. Gearrtar cáin ar an méid iomlán. Níl aon bhealach i bhfeidhm le cáin a ghearradh ar phinsin leasa shóisalaigh ag an bhfoinse, i bhfocail eile, sula n-íoctar an pinsean leat. Braitheann an córas cánach ar an bhfoinse eile ioncaim atá agat.
Mar shampla, má tá íocaíocht leasa shóisialaigh agus pinsean gairme agat, gearrtar cáin air tríd an gcóras ÍMAT air, díreach mar an gcéanna leis an gcóras nuair a ghearrtar cáin ar phá nó tuarastal. Is ionann é seo agus a rá go bhfaigheann tú chreidmheasanna cánach sa ghnáthbhealach. Chun cáin a ghearradh ar an bpinsean leasa shóisialaigh, déantar scoithphointe an ráta chaighdeánaigh a laghdú faoi mhéid an phinsin leasa shóisialaigh agus déantar na creidmheasanna cánach a laghdú faoin dliteanas cánach ar an bpinsean leasa shóisialaigh. Mar sin, is amhlaidh go n-íoctar cáin ar an dá phinsean ach íoctar í tríd an bpinsean ceirde.
Tugtar "códú" creidmheasanna ar an nós seo. Cuirtear an nós imeachta céanna i bhfeidhm má tá ioncam agat ó phost agus má tá pinsean leasa shóisialaigh aige/aici. Muna mbeadh do phinsean leasa shóisialaigh curtha san áireamh sa bhealach seo, bheadh cáin le n-íoc air ina cnapshuim go bliantúil mar dhuine féinfhostaithe faoin 31 mí Dheireadh Fómhair.
Mura n-íocann tú cáin ar an bhfoinse ioncaim eile atá agat tríd an gcóras ÍMAT, cuir i gcás go bhfuil pinsean gairme ó thír thar lear nó ioncam infheistíochta agat, cuirtear tú san aicme féinfhostaithe agus ní mór an cháin a íoc ina cnapshuim go bliantúil roimh 31 Deireadh Fómhair.
Pinsin leasa shóisialaigh nó pinsin slándála sóisialaí ó thír eile
Má tá pinsean slándála sóisialaí ó thír eile agat, is iondúil go bhfuil sé inchánaithe in Éirinn. Ní mór an cháin a íoc go bliantúil mura bhfuil foinse ioncaim eile agat a thiteann faoin gcóras ÍMAT. Tá pinsin eachtrannacha áirithe a bheadh saor ó cháin dá mbeadh faighteoir an phinsin ina chónaí sa tír as atá an pinsean ag teacht agus mar sin tá siad saor ó cháin in Éirinn chomh maith.
Rialacha
Íocaíochtaí leasa shóisialaigh Éireannacha
Bíonn Sochar Cuardaitheora Poist inchánaithe go ginearálta, ach bíonn an chéad €13 gach seachtain saor ó cháin. Níl Sochar Cuardaitheora Poist atá iníochta le hoibreoirí gearrthréimhseacha inchánaithe.
Níl Méaduithe i leith Leanaí Cáilithe atá iníochta le Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta agus an Scéim Díobhálacha Ceirde (Sochar Díobhála, Pinsean Míchumais agus Forlíonadh Easláinte) inchánaithe.
Seachas na cásanna thuas, má tá d’íocaíocht leasa shóisialaigh inchánaithe, beidh aon mhéadú ar d’íocaíocht le haghaidh do chleithiúnaí aosaigh inchánaithe chomh maith.
Níl Sochar Linbh inchánaithe.
Íocaíochtaí caomhnóra, arb íocaíochtaí iad a rinneadh ar mhaithe le dílleachta, inchánaithe. Meastar gur réadmhaoin thairbhiúil an linbh íocaíocht chaomhnóra agus tá sé inmheasúnaithe, ar an ábhar sin, i leith a n-ioncaim (más ann dó), seachas i leith ioncam an duine a fhaigheann an íocaíocht chaomhnóra.
Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh
| An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair | Saor ó cháin |
| Liúntas Cuardaitheora Poist | Saor ó cháin |
| Socrú idirthréimhseach Liúntas Cuardaitheora Poist | Saor ó cháin |
| Liúntas Réamhscoir | Saor ó cháin |
| Cúnamh Feirme | Saor ó cháin |
| Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) | Inchánaithe |
| Íocaíocht Chaomhnóra (Neamhranníocach) | Inchánaithe (ar ioncam linbh) |
| Liúntas Cúramóra | Inchánaithe |
| Liúntas Leasa Forlíontach | Saor ó cháin |
| Pinsean Stáit (Neamhranníocach) | Inchánaithe |
| Pinsean na nDall | Inchánaithe |
| Liúntas Míchumais | Saor ó cháin |
| Liúntas Banchéile Thréigthe | Inchánaithe |
| Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora | Inchánaithe |
| Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh | Saor ó cháin |
Íocaíochtaí árachais shóisialaigh
| Sochar Atharthachta | Inchánaithe |
| Sochar Breoiteachta | Inchánaithe (ach amháin méadaithe cleithiúnaí linbh) |
| Sochar Máithreachais | Inchánaithe (ón 1 Iúil 2013) |
| Sochar Uchtála | Inchánaithe (ón 1 Iúil 2013) |
| Sochar Sláinte agus Sábháilteachta | Inchánaithe (ón 1 Iúil 2013) |
| Pinsean Míchumais | Inchánaithe |
| Sochar Cuardaitheora Poist | Inchánaithe (ach amháin méadaithe cleithiúnaí linbh) |
| Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach | Inchánaithe |
| Sochar Cuardaitheora Poist (nuair a íoctar é le hoibrithe gearr-ama) | Saor ó cháin |
| Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) | Inchánaithe |
| Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) | Inchánaithe (ar ioncam linbh) |
| Sochar Banchéile Thréigthe | Inchánaithe |
| Sochar Cúramóra | Inchánaithe |
| Sochar Cumais Pháirtigh | Inchánaithe |
| Pinsean Stáit (Ranníocach | Inchánaithe |
| Pinsean Stáit (Ranníocach) | Inchánaithe |
| Liúntas Freastail Leanúnach ( Iníoctha le Pinsean Míchumais) | Inchánaithe |
| Sochar Gortaithe | Inchánaithe |
| Pinsean Sochair Báis | Inchánaithe |
Scéimeanna eile
Níl an Liúntas um Fhilleadh ar Obair; an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair agus an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas inchánaithe.
Níl íocaíochtaí a dhéanann an CGO faoin Scéim Deiseanna Oiliúna Ghairmoideachais (SDOG) inchánaithe. Níl an Deontas Caomhnaithe Uisce inchánaithe.
Tá íocaíochtaí faoin Scéim Shóisialta Tuaithe (RSS), TÚS agus faoin gClár Seirbhísí Pobail inchánaithe.
Tá íocaíochtaí a dhéantar faoi JobBridge, an Scéim Náisiúnta Intéirneachta, inchánach má tá an íocaíocht bhunúsach leasa shóisialaigh inchánach. Mura bhfuil an íocaíocht bhunúsach inchánach, nach bhfuil íocaíochtaí JobBridge inchánach.
Má tá tú i do chónaí i d'aonar, d'fhéadfá méadú ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil. Má tá d'íocaíocht leasa shóisialaigh inchánaithe, tá anMéadú do Mhaireachtáil Aonair inchánaithe. Mura mbíonn d'íocaíocht leasa shóisialaigh inchánaithe, níl do Mhéadú do Mhaireachtáil Aonair inchánaithe.
De ghnáth, níl an Liúntas Cúram Baile agus an Liúntas Breosla inchánaithe.