Ag síniú de nuair a thosnaíonn tú ag obair
Eolas
D’fhéadfá Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta, Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta, nó Creidmheasanna a fháil má tá tú cláraithe mar dhífhostaithe.
Má tá tú cláraithe mar dhífhostaithe (i bhfocail eile, ag síniú leis an Roinn Coimirce Sóisialaí), ba chóir duit d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil a chur ar an eolas maidir leis an dáta a mbeidh tú ag tosú ag obair.
Trí d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil a chur ar an eolas maidir leis an am a mbeidh tú ag tosú ag obair, cinnteoidh tú go bhfaighidh tú aon íocaíocht atá dlite duit go dtí an dáta a dtosóidh tú ag obair.
Is féidir leat comhairle a fháil freisin faoin bhféidearthacht de chuid de do shochair agus do thacaí reatha a choinneáil nuair a fhilleann tú ar an obair.
Nuair a thosaíonn tú ag obair d’fhéadfá a bheith i dteideal sochar breise, mar shampla, Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT).