Oibleagáidí fostóirí agus cearta fostaithe

Réamhrá

Tá fostóirí freagrach as a chinntiú go bhfaigheann a bhfostaithe uile roinnt cearta áirithe bunúsacha fostaíochta. Déantar na cearta seo a rialú ag reachtaíocht fostaíochta mhionsonraithe. Má fhostaíonn tú daoine nó má tá gnó á chur ar bun agat a fhostóidh daoine, is gá duit cur amach a bheith agat ar d’fhreagrachtaí agus ar chearta d’fhostaithe.

Tugaimid breac-chuntas anseo ar fhreagrachtaí fostóirí. Dírítear ar do dhualgais i leith d’fhostaithe. Is féidir leat níos mó faisnéise a fháil ón tSeirbhís Fhaisnéise agus Custaiméara an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre nó ó chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht do d’earnáil, ar nós an IBEC (Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann)an ISME (Comhlachas Ghnóthas Beag agus Meánmhéide na hÉireann)Comhlachas na nGnólachtaí Beaga. Tá an treoir d’fhostóirí, Dlí Fostaíochta Mínithe (pdf) agus an Treoir Ar Dhlí Fostaíochta,Comhionannais agus Oibre (pdf) ar fáil ar workplacerelations.ie.

Soláthraíonn an tSeirbhís Fhaisnéise Míchumais d’Fhostóirí faisnéis agus comhairle d’fhostóirí maidir le foireann atá faoi mhíchumas a fhostú.

Seirbhísí agus tacaíochtaí fostaíochta

Seirbhís ón Roinn Coimirce Sóisialaí is ea Intreo a soláthraíonn pointe teagmhála aonair le haghaidh iomlán tacaíochtaí fostaíochta ioncaim. Soláthraíonn Intreo raon seirbhísí d’fhostóirí lena n-áirítear:

  • An tseirbhís fhostaíochta Jobs Ireland a thugann rochtain ar chuardaitheoirí poist d’fhostóirí
  • Tacaíocht airgeadais d’fhostóirí a chruthaíonn poist nua agus breise tríd an scéim JobsPlus, intéirneachtaí JobBridge agus socrúcháin oibre
  • Tacaíochtaí ionad oibre chun cabhrú le fostaithe faoi mhíchumas, an Scéim Fóirdheontas Tuarastail agus an Scéim Deontais um Fhostaí a Choinneáil san áireamh

Sainmhíniú fostaithe

Déanann fostóirí daoine a fhostú ar chonarthaí seirbhíse nó ar chonarthaí le haghaidh seirbhísí. Ní fostaí ach duine atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse agus ar an ábhar sin, is iad amháin atá cosanta ag an réimse iomlán de reachtaíocht fostaíochta. Beidh ag conraitheoir neamhspleách nó ag duine féinfhostaithe conradh le haghaidh seirbhísí leis an duine a ndéanfar an obair dó/di. Is féidir leis an idirdhealú atá idir conradh seirbhíse, agus conradh le haghaidh seirbhísí bheith doiléir amanna, ach is féidir leis an gcineál conartha faoinar fostaíodh an duine impleachtaí tromchúiseacha a bheith i gceist don fhostóir agus don fhostaí araon in ábhar ar nós reachtaíocht cosanta fostaíochta, cánach agus leas sóisialach.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil inár ndoiciméid faoi chineálacha difriúla fostaíochta, oibrithe páirtaimseartha, oibrithe gníomhaireachta agus oibrithe ar théarmaí seasta nó sainchuspóra.

Conarthaí agus téarmaí fostaíochta

Cé nach gá don chonradh iomlán fostaíochta bheith i scríbhinn, ní mór roinnt téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a thabhairt do d’fhostaí i scríbhinn laistigh de 2 mhí tar éis don fhostaíocht tosú. Ní mór go n-áireofar san fhaisnéis seo ainmneacha iomlána an fhostóra agus an fhostaí agus sonraí faoi theideal an phoist, an pá, uaireanta oibre, riachtanais fhógraíochta. Is féidir leat sonraí a léamh faoi seo inár gcáipéis maidir leis an gconradh fostaíochta.

Cé go luaitear an chuid is mó de théarmaí agus coinníollacha fostaíochta i gconradh scríofa nó i lámhleabhar cuideachta, ba cheart duit bheith feasach gur féidir le téarmaí fostaíochta bheith i gceist le nósmhaireacht agus le cleachtas san ionad oibre, mar shampla, sos maidin 10 nóiméad.

Más mian leatsa, mar an fostóir, téarma nó coinníoll fostaíochta a athrú, ní mór duit an t-athrú seo a chomhaontú le d’fhostaí. Is cuid den dlí a bhaineann le conarthaí é gur gá toiliú an fhostóra agus an fhostaí araon a fháil le hathruithe a dhéanamh ar théarmaí an chonartha.

Rátaí phá

Tá an chuid is mó d’oibrithe fásta ag a bhfuil taithí i dteideal pá íosta €9.25 a fháil in aghaidh na huaire. Is ann, áfach d’eisceachtaí i leith an phá íosta seo, lena n-áirítear, daoine atá fostaithe ag garghaolta, daoine atá faoi aois 18 mbliana agus daoine faoi oiliúint nó printísigh. Ina theannta sin, ní mór duit duillín pá a thabhairt do d’fhostaithe ina léirítear a bpá agus aon asbhaintí a rinneadh.

Uaireanta oibre, sosanna agus scíthe

Tá tú freagrach as a chinntiú go bhfaigheann d’fhostaithe scíth leordhóthanach. Leagtar síos san Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 rialacha a dhéanann uaireanta uasta oibre agus sosanna laethúla agus seachtainiúla scíthe a rialú.

Saoire

teidlíochtaí saoire bliantúla agus saoire phoiblí ag nach mór an uile fhostaí lánaimseartha, páirtaimseartha agus sealadach nó ócáideach ón tráth a thosaíonn siad obair. Tá an chuid is mó d’fhostaithe i dteideal 4 seachtaine de shaoire bhliantúil sa bhliain as a n-íoctar iad. Is gnách go ríomhtar teidlíocht oibrithe páirtaimseartha amhail 8% de líon na n-uaireanta a oibríonn siad faoi réir uasmhéid de 4 seachtaine oibre sa bhliain. Is féidir le fostaithe tráth na saoire bliantúla a dheimhniú, agus aird ar riachtanais oibre agus phearsanta; ba cheart duit dul i gcomhairle le d’fhostaí nó lena gceardchumann ar dtús, áfach. Is féidir le d'fhostaí pá le haghaidh saoire bhliantúil a iarraidh roimh ré. Ina theannta sin, tá oibleagáid ort ligean d’fhostaithe saoire reachtúil chosanta a fháil, ar nós saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire shláinte agus shábháilteachta, saoire do thuismitheoirí, saoire uchtaíoch, agus saoire cúramóra. Is ann do reachtaíocht shonrach ina leagtar síos na rialacha le haghaidh gach teidlíochta.

Cáin agus ÁSPC

Tá tú freagrach as an tsuim cheart de cháin, ÁSPC agus den Mhuirear Sóisialta Uilíoch a asbhaint ó phá d’fhostaithe agus iad seo a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim trí leas a bhaint as an gcóras ÁSPC. Íocann tú ranníocaíochtaí ÁSPC fostóra freisin. Ní mór duit clárú mar fhostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Dreasacht fostóra is ea JobsPlus a spreagann fostóirí cuardaitheoirí poist a fhostú atá ar an mBeochlár agus bronnann an dreasacht luaíocht orthu as amhlaidh a dhéanamh. Tá an dreasacht in ainm is fostóirí agus gnólachtaí a spreagadh chun daoine a fhostú nach raibh ag oibriú ar feadh tréimhsí fada. Féadfaidh fostóirí incháilithe a dhéanann fostaithe lánaimseartha a earcú an 1 Iúil 2013, nó ina dhiaidh sin, iarratas a dhéanamh ar an dreasacht, a bheidh ag oibriú ar bhonn píolótach.

Íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí an dreasacht seo leis an bhfostóir gach mí i riaráistí, thar thréimhse 2 bhliain. Cuirfidh an RCS 2 leibhéal d’íocaíochtaí rialta airgid ar fáil:

  • Íocaíocht €7,500 le haghaidh gach duine a earcaítear a bhí dífhostaithe ar feadh breis agus 12 mhí ach níos lú ná 24 mí
  • Íocaíocht €10,000 le haghaidh gach duine a earcaíodh a bhí dífhostaithe ar feadh breis agus 24 mí.

Is féidir leat Treoir an Fhostóra ar an gcóras ÁSPC agus athruithe a rinneadh le déanaí ar an gcóras ÁSPC a léamh ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat faisnéis a fháil faoi ÁSPC ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Taifid fhostaíochta

Mar fhostóir, tá ort taifid áirithe a choimeád lena mbaineann d’fhostaithe. Seo chun a léiriú go bhfuil an reachtaíocht fostaíochta á comhlíonadh agat. Teastóidh rochtain ó chigirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre ar na taifid seo le linn imscrúdú. Tá treoir maidir le sonraí faoi conas a thugtar faoi imscrúduithe (pdf) ar fáil ar workplacerelations.ie.

Sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre

Faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005, tá dualgas ar fhostóirí sábháilteacht, sláinte agus leas fostaithe ag an obair a chinntiú a mhéid agus is praiticiúil go réasúnach. D’fhonn gortuithe agus drochshláinte san ionad oibre a chosc, ceanglaítear ort, i measc rudaí eile, an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Ionad oibre, innealra agus trealamh atá sábháilte a chur ar fáil agus a chothabháil
  • Baol ó úsáid aon ruda nó substainte agus ó bheith nochtaithe d’oibreáin fhisiceacha, do thorann agus do chreathadh a chosc
  • Aon iompar nó iompraíocht mhíchuí a chosc ar dócha go gcuirfidís sábháilteacht, sláinte agus leas fostaithe i mbaol (cuimsítear “pleidhcíocht” agus bulaíocht ag an obair laistigh de na catagóirí seo)
  • Treoir agus oiliúint a chur ar fáil d’fhostaithe maidir le sláinte agus sábháilteacht
  • Éadaí agus trealamh cosanta a thabhairt d’fhostaithe (ar chostas ar bith d’fhostaithe)
  • Duine inniúil a cheapadh mar Oifigeach Sábháilteachta na heagraíochta

Tá ar gach fostóir tabhairt faoi mheasúnú riosca don ionad oibre inar cheart aon bhaol a shainaithint san ionad oibre, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn ón mbaol sin agus na bearta a shainaithint le dul ina mbun le déileáil le haon bhaol. Ní mór duit, freisin, ráiteas sábháilteachta a réiteach, bunaithe ar an measúnú riosca. Cuireann an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta uirlisí ar fáil, freisin, le cabhrú leat leis na tascanna seo. Tá ar fhostóirí aon teagmhas a thuairisciú a bhíonn ar fhostaí 3 lá oibre i ndiaidh a chéile a ghlacadh saor ón obair dá bharr (ní áirítear lá na timpiste) leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.

Nósanna imeachta smachta agus dhífhostú

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais Cód Cleachtais: Nósanna Imeachta um Chasaoid agus Smachta ina luaitear gur cheart go mbeidh ag fostóirí nósanna imeachta um chasaoid agus smachta i scríbhinn. Leagann nósanna imeachta smachta amach na céimeanna agus an próiseas ar cheart duit a leanúint maidir le heasnaimh líomhnaithe fostaí.

Go ginearálta, foráiltear sna nósanna imeachta rabhaidh neamhfhoirmiúla as a n-eascraíonn rabhaidh scríofa agus dífhostú faoi dheoidh. Faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, ceanglaítear ort fógra scríofa a thabhairt de na nósanna imeachta atá le leanúint roimh an dífhostú. Ní mór é seo a dhéanamh laistigh de 28 lá tar éis glacadh le conradh fostaíochta.

Ba cheart duit cóipeanna díobh seo a thabhairt d'fhostaithe ag tús a bhfostaíochta. Má tá tú ag smaoineamh ar dhífhostú, ní mór duit na nósanna imeachta seo a leanúint. Áirítear leis seo na rabhaidh chuí a thabhairt do d’fhostaí, iad a chur go hiomlán ar an eolas maidir leis na líomhaintí ina leith agus deis a thabhairt dóibh a gcás a léiriú. Ní mór an deis a thabhairt dóibh, freisin, go ndéanfaidh oifigeach ceardchumainn nó ionadaí eile, mar shampla, ionadaíocht dóibh in aon nósanna imeachta smachta.

Má dhífhostaíonn tú fostaí, ní mór duit bheith in ann a léiriú gurbh ann do bhunús cóir leis an dífhostú agus gur leanadh nósanna imeachta córa. Is féidir leat níos mó a léamh faoi inár gcáipéis faoi bhunús córa le dífhostú.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi nósanna imeachta iomarcaíochta inár gcáipéis faoi ghnó a dhúnadh.

Page edited: 25 January 2017